|
Tá tigín beag
cloch Chlaire Nagle ar Shlí Chorca Dhuibhne neadaithe ar thaobh cnoic
ag féachaint amach ar oileáin na mBlascaodaí - áit suimhneach séimh. Is
anseo a chloisfidh tú glór na mara agus an nádúir agus tú ag féachaint
amach ar oileáin na mBlascaodaí atá i lár an tsrutha tamaillín amach ón
gcósta. Tá siúlóidí marcáilte go barra Chruach Mhárthain agus Shliabh
an Iolair. Ar do bhealach bain lán do shúl as na bláthanna scéine atá
le fáil go fairsing ar na clathacha agus sna goirt - an samhaircín, an
garra bhuí, an nuacht bhallach, an lus mór, an rubhán, feileastram, agus
na fiúsaíos.
Tá an tigín trí sheomra seo dlúth, tá an seomra suí agus an chistin mar
aon sheomra amháin agus é feistithe le gach aon tsaoráid nua-aimseartha
agus teas lárnach. Tá potaí bhláthanna sa chlós duirlinge lasmuigh. Níl
aon áit eile ar domhan chomh deas leis an ngort atá in aice an tí chun
tráthnóna a chaitheamh ann. Ceangailte den dtigín tá tigh cloch Chlaire
mar a gcuireann sí lóistín leaba agus bricfeasta ar fáil. Tugtar babhla
torthaí úra leis an mbricfeasta Gaelach ar maidin |
|