Lóistín de Mórdha
 


Angela de Mórdha
Dún Chaoin
Fon : +353 66 915 62 76
www.demordha.com
ardaingeal@hotmail.com

 
 
 
 
 
 

Céad míle fáilte romhat go dtí Dún Chaoin an chiúnais ar leithinis aoibhinn Chorca Dhuibhne. Is fada linn go mbeidh tú ag teacht chugainn go dtí an bparóiste is giorra de Mheiriceá. Tá seomrín folctha ins gach seomra codlata agus is féidir leat braon tae/caifé a bheiriú sa tseomra. Tá rogha blasta againn do do bhricfeasta agus cuirfimíd comhairle ort maidir leis na bialanna is fearr sa dúthaigh seo. Is sinn an tigh lóistín is giorra do bhád farrantóireachta an Bhlascaoid Mhóir agus tá Caifé agus Potadóireacht Dhún Chaoin i mbéal a' dorais againn. Níl Tigh Khrugeir agus Bialann An Phortáin ach leath mhíle uainn agus níl Ionad an Bhlascaoid Mhóir ach míle uainn. Tá a lán imeachtaí sa chomharsanacht…galf, siúlóidí sléibhe, marcaíocht capall, tránna breátha agus imeachtaí cultúrdha. Is í an Ghaelainn teanga an teaghlaigh. Suite 10 mhíle laistiar den nDaingean.
 
 
 
   
     
© 2000 - 2006
Paróiste Dhún Chaoin
info@dunchaoin.com